Franca Matelli - giotar,guth Tá céim sa cheol ag Franca, agus in éineacht lena cuid gníomhaíochta ar an stáitse múineann sí an giotar. Seinneann sí an giotar claisiceach freisin. Tá cónaí in Asti, in éineacht le madra, cat agus cincillà (cineál luchóige). |
Valerie Beavers - cruit, méarchlár,
guth, bodhrán Is as East Tennessee do Valerie, ó cheantar na sléibhte Aipiléiseacha. Anois tá cónaí uirthi in aice leis na sléibhte Aipiníneacha, atá gar go maith do Asti. Is fada spéis aici sa cheol Gaelach, agus go háirithe sa chaoi ina ndeachaigh an cultúr gaelach i bhfeidhm ar mhuintir a ceantair dhúchais, na hAipiléisigh. I dteannta na cruite, seinneann Valerie an pianó, an téadchlár agus an giotar. |
Roberta Tuis - veidhlín, guth Veidhleadóir breá dóighiúil a thaitníonn go mór le lucht féachana. Tá sean-taithí ag Roberta seinnm os comhair an phobail. Bhíodh sí ag seinnm le dhá ghrúpa eile sular tháinig sí chun seinnt le Kyle-Na-No. B'shin iad Archensiel e i La Ghironda, grúpaí a sheinneadh ceol de chuid Piemonte, an réigiún ina bhfuil Asti. |
Roberto Musso - dord, cnaguirlisí Nuair nach bhfuil Roberto ag déanamh torainn agus gach saghas gleo eile is i mbun siopa leabhar a bhíonn sé. Is as Asti dó. Is minic a dhéanann sé rince ar an stáitse, agus amuigh i measc an phobail. |
Ciarán Ó Bréartúin - feadóg, méarchlár,
guth Is as Baile Átha Cliath do Chiarán, agus gan a fhios cinnte aige cad é atá ar siúl aige san Iodáil le deich mbliana anuas. |
Vincenzo "Piuma" Penna - mixer Nuair nach mbíonn Piuma (a chiallaíonn "cleite" san Iodáilis) ag tabhairt aire do bhaill an ghrúpa, is ag obair san ospuidéal in Asti a bhíonn sé. Is teicneoir X-gha é. Tá sé pósta ar Mhariarosa, agus mac amháin aige, Paolo nó "Piumino". Tá cónaí air sa tuath, in éineacht le neart ainmhithe éagsúla. |